Bríd Óg Ní Mháille X:1 T:Bríd Óg Ní Mhaille M:3/4 C:Traditional B:Folk Songs of Britain and Ireland K:D D3EFG|A2F2A2|B2AFEF|D2B,2Bc| d2c2Bc|BAF3E|F2B3c|B4Bc| d2c2Bc|BAF3G/2Á2|B2AFEF|D2B,2B,C| D2B2AB|F2E3F|E2D3D|D6|| W: W: 'Bhríd Óg Ní Mháille. 's tú d'fhág mo chroí cráite W: Tá arraingeacha 'n bháis ag gabháil fríd cheart-lár mo chroí W: Tá na mílte fear i ngrá, le d'éadan ciúin náireach W: Is go dtug tú barr breácht' ar thír Oirghiall má's fíor W: W: Níl ní ar bith is áille ná'n ghealach os cionn a' tsáile W: Ná bláth bán na n-áirné bíos a fás ar an droighean W: O siúd mar bíos mo ghrá-sa, 'na trillsí le breáchta W: Béilín meala na páirte nach ndearn ariamh claon W: W: Is tuirseach 's is brónach a chaithims' an Domhnach W: Mo hata 'n mo dhorn liom 's mé ag osnaíl go trom W: Mé 'g amharc ar na bóithre a mbínn 's mo ghrá' gabháil ann W: 'Nois ag fear eile pósta is mo h-och nach í 'n fheall W: W: Nach mise 'tá thíos leis a' phósadh seó 'dhéanamh W: 'S nach gcodlaím aon oích' ach ag osnaíl go trom W: O nár fhágaidh mé 'n saol seo go rabh mé 's mo chéad-searc W: Ar an aon leabaidh sínte 's mo lámh faoi n-a cionn W: W: Is buachaill deas óg mé 'tá ag triall 'un mo phósta W: 'S ní buan i bhfad beo mé mur' bhfaghaidh mé mo mhian W: A chuisle is a stóirín, déan réidh 'gus bí romham-sa W: Cionn deireannach den Domhnach ar Bhóithrín Droim Sliabh