Na Connerys

X:1
T:Na Connerys
M:3/4
L:1/8
Q:60
K:D
DDE|(F>G) E>F GA|B>c (AG) FG|(E2D3) C|D3 z (3ABc|dB (c3B)|(A>B) A/2G/2 (E E/2 F/2) (G/2A/2)|
(B2c2)B2|A3z(3ABc|dd(c3 B)|(A>BA/2G/2 E (3EGB|B2c2B2|A3DDE|F>G (E>F) GA| B>c A>G F>G|(E2D3)C|D3||
W:
W: A Choimín mhallaithe guímse deacair ort agus gráin Mhic Dé
W: ar an ghasra úd atá ceangailte go dlúth le do thaobh;
W: Is iad a dhearbhaigh na leabhartha go humhal sa mbréag
W: do chuir na Connerys thar farraigaibh go dtí na New South Wales.
W:
W: Té  bhéadh ina sheasamh ann is dhéanfadh machnamh ar ár gcúis dá plé
W: mar do sheasaigh sí ón seacht ar maidin do dtí tar éis an naoi
W: do chrith an  talamh  fúinn le linn na leabhartha á dtabhairt sa mbréag.
W: Mo ghreidhn an t-anam bocht nó tá sé damanta, más fíor do chléir.
W:
W: A Bhainríon bheannaithe is a Rí na bhFlaitheas Geal, déan trócaire orainn araon
W: is ar an mbanaltra atá sa bhaile go dúch inár ndiaidh.
W: Le linn an Aifrinn bígi ag agallamh is ag guí chun Dé
W: leis na Connerys a thabhairt abhaile chugainn ó na New South Wales.
