Anach Cuan

X:1
T:Anach Cuan
K:Ddor
L:1/8
M:3/4
D DE|F2ED(3EDC|c2de dc|A2GE DD|C3 D D E
|F2ED(3EDC|c2de dc|A2GE DD|D3 A A c
|d2ed AB|c2 de dc|A2GE DE|C3 D D E
|F2ED(3EDC|c2de dc|A2GE DD|D3||
W:
W: Má fhaighimse sláinte is fada a bheas trácht ar
W: an mhéid a bathadh as Anach Cuan.
W: Mo thrua amárach gach athair is máthair
W: bean is páiste atá sileadh súl.
W: A Rí na ngrasta, a cheap neamh is Párthas,
W: nár bheg an tábhacht dúinn beirt nó triúr?
W: Ach lá chomh breá leis gan gaoth gan báisteach
W: is lán an bháid acu a scuabadh ar siúil.
W:
W: Nár mhór an t-íonadh os comhair na ndaoine
W: a bhfeiscint sínte ar chúl a gcinn?
W: Screadadh is caoineadh a scanródh daoine,
W: gruaig á cíoradh is an chreach á roinn.
W: Bhí bhuchaillí óga ann, tíocht an fhómhair,
W: á síneadh ar chróchar is á dtabhairt go cill.
W: Is gurbh é gléas a bpósta a bhí á dtorramh
W: is, a Dhia na glóire, nár mhór an feall?
W:
W: Loscadh sléibh agus scalladh cléibhe
W: ar an áit ar éagadar is milleán crua,
W: mar is iomaí créatúr a d'fhág sé ag géarghol,
W: ag sileadh is ag éagaoin gach maidin Luain.
W: Ní díobháil eolais a chuir dá treoir iad
W: ach mí-adh mór a bhí sa gCaisleán Nua.
W: Is é críochnú an amhráin gur báthadh mórón
W: is d'fhág  ábhar dóláis ag Anach Cuan.
