Chuaigh Mé 'na Rosann

X:1
T:Chuaigh Mé 'na Rosann
M:3/4
L:1/8
K:Dm
F2E2D2|F2G2A2|d4c=B|cd3D2|F3E FG|A4d2|
d2c2A2|G2F2G2|A4AG|FD3GF|D4D2|D4DE||
W:
W: Chuaigh Mé 'na RosannChuaigh mé 'na Rosann ar cuairt
W: Gur bhreathnaigh mé uaim an spéir
W: Is thart fá na h-oileáin ó thuaidh
W: Mar eilit agus cú 'na diaidh
W:
W: Sé dúirt gach duine fá'n chuan
W: Nuair a tharlaigh mé anuas fá'n chéidh
W: Nach maith a aithním ar do ghruaim
W: Gur fear thú a bhfuil a' tóir 'do dhiaidh
W:
W: Casadh dom a' cailín deas óg
W: Ach má casadh 'sí a labhair go gar
W: Má's fear thú a bhain do mhnaoi óig
W: Cha mholaim rómhór do thrade (cheird)
W:
W: Chonnaic mé fear ar thír mór
W: 'S é ag siúl gan bhróg inné
W: Is dóigh liom gur thusa 'n fear óg
W: 'S go bhfuil ort an tóir 'do dhiaidh
W:
W: D'fhreagair mé 'n ainnir dheas óg
W: Ghlac sí go mór mo scéal
W: Stad de do mhagadh níos mó
W: Nó ní duine den tseort sin mé
W:
W: Ach suigh thus' anall 'e mo chóir
W: Is bí thus' ar aon nós lion féin
W: Nó rachaidh mé os coinne do shrón'
W: Amach go tír mór le léim
W:
W: Thit muid i dtuirse 's i mbrón
W: Is d'fhiafraigh an óig-bhean díom
W: Cá bhfuigheas muid gloine le h-ól
W: A thógfas an brón d'ár gcroí?
W:
W: Tá teach beag ar leath-taoibh an róid
W: Agus coinníonn sé i gcónaí braon
W: Gabh thusa 'gus rappail an bord
W: 'S ní dhíolfaidh do phócaí aon phingin
W:
W: Tharlaigh muid 'steach i dtoigh 'n óil
W: Agus b'fhaiteach go leor mé le suí
W: Ar eagla go dtiocfadh an tóir
W: Is go mbainfí an óig-bhean díom
W:
W: Nuair a fuair muid gach ní mar ba chóir
W: Is mheas mé gur chóir dúinn suí
W: Sé dúirt sí: Bí thus' ag gabháil cheoil
W: 'S ní dhíolfaidh do phócaí aon phingin
W:
W: Cha rabh mis' i bhfad ag gabháil cheoil
W: Gur chruinnigh go leor 'un toigh'
W: Achan fhear is a ghloine 'n a dhorn
W: Le comhmóradh a thabhairt don dís
W:
W: Bhí biotáilte fairsing go leor
W: A rabh beagán dá ól sa tír
W: 'S dá dtarraingeoinn-se galún Uí Dhomhnaill
W: B'fhurast mo scór a dhíol
W:
W: Nuair a lig muid dúinn tuirse is brón
W: Sé d'fhiafraigh an óigh-bhean díom
W: Cá mbíonn tú 'do chónaí sa lá
W: Nuair nach gcoinníonn tú cró duit féin?
W:
W: Bím-se seal 'dtoigh an óil
W: Cha deánaim-se lón don phingin
W: A' meid údaidh a shaothraím sa lá
W: A chathamh le spórt san oích'
W:
W: Má's fear thú a leanas don ól
W: Cha mholaim rómhór do thrade
W: Nó chan iarrfainn ar dhuine de do sheort-sa
W: Toiseacht le buaidhreadh an tsaoil
W:
W: Is fearr dúinn fanacht go fóill
W: Go ndeánaidh muid lón don phingin
W: Is go rabh againn an t-ór
W: Is cuidiú d'ár gcóir aríst
W:
W: Le fanacht go ndeánaidh muid lón
W: Caithfear cuid mhór d'ár saol
W: Is fearr dúinn toiseacht go h-óg
W: 'S beidh cuidiú d'ár gcóir aríst
W:
W: Do leithéid char casadh go fóill
W: Dom i mbealach ná i ród 'mo thriall
W: 'S dá mbeinn-se i mBéal-an-Átha Mór
W: Gheobhainn cailíní óg' ar phingin
